D’fhág Nóra a baile i nGleann Léithín nuair a fuair a deartháir bás agus tá cónaí uirthi anois i mBaile na Finne. Fuair sí uimhir a haon ar an teach mar a ba mhian léi. Dhíol sí an baile agus tá cúpla óg ina gcónaí ann anois.
00:02:12
Chuaigh sí ar scoil Ghleann Léithín ach ní raibh dúil ar bith aici ann. Bhí a hathair ag obair agus a máthair sa bhaile agus nuair a thagadh siad na bhaile ón scoil bhíodh a ndinnéir réidh ag a máthair. Ní raibh mórán airgid ag na daoine san am agus ní raibh mórán “dole” le fáil ach oiread. Lampaí “tilly” a bhíodh acu, ní raibh raidió ar bith acu, airneáin a bhí acu agus bhíodh píopaí acu a théadh thart ar gach duine.